22,99 €
inkl. MwSt.

Versandfertig in über 4 Wochen
  • Broschiertes Buch

"Is iomaí sin áit sa domhan a bhfuil cúrsa na slat thar teorainn rite agam ach dheamhan dath níos measa a chonaic mé riamh ná an teorainn a bhí sa bhaile againn," a scríobhann Séamas Ó Catháin.

Produktbeschreibung
"Is iomaí sin áit sa domhan a bhfuil cúrsa na slat thar teorainn rite agam ach dheamhan dath níos measa a chonaic mé riamh ná an teorainn a bhí sa bhaile againn," a scríobhann Séamas Ó Catháin.
Hinweis: Dieser Artikel kann nur an eine deutsche Lieferadresse ausgeliefert werden.
Autorenporträt
Rugadh an Dr Séamas Ó Catháin i nDroim Caoin, Contae Thír Eoghain sa bhliain 1942 agus bhain sé céimeanna amach ag Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, áit ar ceapadh ina Ollamh le Ceiltis é. Bhí sé ina Ollamh le Béaloideas Éireann agus ina Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Bhí sé rannpháirteach i gcláracha faoin bhéaloideas a craoladh ar RTÉ agus an BBC sna 1980dí agus bhí sé ina bhall de ghiúiré Fhéile Idirnáisiúnta na Cláirsí Órga agus ina eagarthóir ar Béaloideas, Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann ó 1996-2005. Áirítear ar na gradaim agus duaiseanna idirnáisiúnta atá gnóite aige - Ridireacht (Céad Grád) d'Ord Leon na Fionlainne (1986), Buaiteoir Dhuais Dag Strömbäck, Acadamh Ríoga Gustavus Adolphus, Uppsala, An tSualainn (1994) agus Duais Ruth Michaela-Jena Ratcliff, Dún Éideann (1985). Ball Oinigh é de Chumann Kalevala na Fionlainne, ó 1981; agus ó 1990 i leith tá sé ina bhall de Folklore Fellows Acadamh Eolaíochta na Fionlainne; iarbhall é de Choiste Comhairleach Institiúid Thaighde Léann na hÉireann agus na hAlban ag Ollscoil Obar Dheathain. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1973 lena bhean Maj Magnusson, a casadh air sna 1960dí agus é ina Léachtóir le Focleolaíochta agus Béaloideas in Ollscoil Uppsala sa tSualainn. Tá beirt clainne acu - Pádraig agus Sorcha.