8,99 €
inkl. MwSt.
Sofort per Download lieferbar
  • Format: ePub

Duine de shárscéalaithe na Gaeilge In Eanáir 1952, sé bliana sula bhfuair Peig Sayers bás, thionscain Coimisiún Béaloideasa Éireann agallaimh léi agus í in ospidéal Naomh Anna, Baile Átha Cliath. Bhí Peig thar a bheith sásta labhairt lena cuairteoirí a raibh Gaeilge Chiarraí ar a dtoil acu agus seanaithne aici orthu. Foilsítear den chéad uair in Níl Deireadh Ráite na hagallaimh sin mar aon le réamhrá tathagach, tráchtaireacht agus aistriúchán Béarla ar an iomlán. Cuireann Peig i láthair anseo seanscéalta idirnáisiúnta, scéal Fiannaíochta, finscéalta taistealacha, seanchas stairiúil agus…mehr

Produktbeschreibung
Duine de shárscéalaithe na Gaeilge In Eanáir 1952, sé bliana sula bhfuair Peig Sayers bás, thionscain Coimisiún Béaloideasa Éireann agallaimh léi agus í in ospidéal Naomh Anna, Baile Átha Cliath. Bhí Peig thar a bheith sásta labhairt lena cuairteoirí a raibh Gaeilge Chiarraí ar a dtoil acu agus seanaithne aici orthu. Foilsítear den chéad uair in Níl Deireadh Ráite na hagallaimh sin mar aon le réamhrá tathagach, tráchtaireacht agus aistriúchán Béarla ar an iomlán. Cuireann Peig i láthair anseo seanscéalta idirnáisiúnta, scéal Fiannaíochta, finscéalta taistealacha, seanchas stairiúil agus sísheanchas, roinnt paidreacha, agus tá cúpla léaráid óna mac, Mícheál Ó Gaoithín, mar anlann leo. Léiríonn na taifeadtaí a bua mar scéalaí oilte, a hacmhainn grinn, a móreolas ar scéalta traidisiúnta agus a cumas máistriúil á gcur i láthair trí shúile mná. Buanaíonn an saothar seo ionad Pheig mar dhuine de shárscéalaithe na Gaeilge agus cinntíonn sé go bhfuil a cuid scéalaíochta le háireamh ar scoth na healaíne béil sa tír seo. Among the first rank of Irish storytellers In January 1952, six years before she died, Peig Sayers was interviewed by a team from the Irish Folklore Commission in St Anne's Hospital, Dublin. She was more than happy to be recorded, and pleased to be visited by old friends, all of whom spoke fluent Kerry Irish. In Not the Final Word these interviews are published for the first time, in both Irish and English, along with a substantial introduction and detailed annotation. Here Peig tells her versions of international folktales, a Fenian tale, some prayers, migratory legends and historical and supernatural lore, illustrated in paintings by her son, Mícheál Ó Gaoithín. She emerges as a warm and authentic storyteller, with a ready sense of humour, a deep knowledge of traditional narrative and highly skilled in its presentation. This collection reaffirms Peig Sayers's position in the first rank of Irish storytellers and firmly establishes her tales in the canon of Irish oral literature.
Autorenporträt
B'Ollamh Gradaim agus Iarcheann Roinn Bhéaloideas Éireann é BO ALMQVIST sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Traidisiúin bhéil agus tuiscintí traidisiúnta Chríoch Lochlann agus na hÉireann a réimse speisialtóireachta agus tá a lán foilsithe aige ar na hábhair seo. Tá cuid mhór bailiúcháin déanta aige ó Bhlascaodaigh, go háirithe ó Mhícheál Ó Gaoithín, mac Pheig Sayers agus ó scéalaithe eile i nDún Chaoin, Bab Feiritéar mar shampla. Comheagarthóir é ar bhailiúchán dá scéalta, Ó Bhéal an Bhab. Chuir sé féin agus Pádraig Ó Héalaí in eagar Peig Sayers: Labharfad le Cách I Will Speak to You All (New Island, 2009). D'éag sé sa bhliain 2013. BO ALMQVIST was Emeritus Professor and a Former Head of the Department of Irish Folklore, University College Dublin. He specialised in Scandinavian and Irish folk literature and folk beliefs, and published widely on these topics. He also collected many stories from Blasket Islanders, in particular Peig Sayers' son, Mícheál Ó Gaoithín, and other storytellers in Dún Chaoin, such as Bab Feiritéar. He was a co-editor of the publication of her stories, Ó Bhéal an Bhab. With Pádraig Ó Héalaí, he edited Peig Sayers: Labharfad Le Cách I Will Speak to You All (New Island, 2009). He died in 2013. Iarléachtóir Sinsearach i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, é PÁDRAIG Ó HÉALAÍ. Béaloideas na tíre seo a shainréimse léinn agus tá foilseacháin iomadúla aige ar ghnéithe éagsúla den ábhar sin. Tá spéis faoi leith curtha aige i scéalta cráifeacha, in oidhreacht an Bhlascaoid agus i dtraidisiúin faoin osnádúr. Is iareagarthóir é ar an iris Béaloideas, agus mar aon le Bo Almqvist chuir sé eagar ar Peig Sayers: Labharfad le Cách I Will Speak to You All (New Island, 2009). An Blascaod Trí Fhuinneog na Scoile (2015) an leabhar is déanaí uaidh, saothar eagarthóireachta ar chuntas múinteora ar a tréimhse ag teagasc ar an mBlascaod nuair a bhí gus fós sa phobal ann. PÁDRAIG Ó HÉALAÍ is a retired Senior Lecturer in Modern Irish at NUI, Galway. His area of specialisation is Irish folklore and he has published on many aspects of this topic, including religious tradition, Blasket heritage and beliefs and practices associated with the supernatural. He is a former editor of the journal Béaloideas and with Bo Almqvist, he edited Peig Sayers: Labharfad Le Cách I Will Speak To You All (New Island, 2009). Most recently he edited An Blascaod Trí Fhuinneog na Scoile (2015), a young teacher's account of her experience of life on the Great Blasket when it was still home to a vibrant community.